top of page
Film Set

GEARRSCANNÁIN


Don Chéad Bhliain

Scoileanna T-2

Liosta gearrscannáin don chéad bhliain
Scannáin: About

YU MING IS AINM DOM

D'fhoghlaim fear óg as an Sín an Ghaeilge sulat tháinig sé go hÉirinn. Bhí díomá air mar níor labhair aon duine Gaeilge leis. 

Léirmheas ar an scannán

Ainm an scannáin: Yu Ming is ainm dom.


Stiúrtheoir : Daniel O’ Hara


Caractair: Yu Ming, Paddy, Seán – Fear an bheair


Rudaí a tharla sa scannán:

Is as an tSín Yu Ming.

Bhí Yu Ming ag obair i siopa.

Ní raibh Yu Ming sásta.

Bhog (he moved) sé go hÉirinn.

D’fhoghlaim sé Gaeilge.

Chuaigh sé go Conamara.

Thosaigh sé ag obair i mbeair.

Bhí sé sona sásta.


Rudaí a thaitin leat.

Bhí na haisteoirí dochreidte/ go hiontach.

Thaitin na jócanna liom.

Bhí an scannán greannmhar (funny).

Bhí an t-atmaisféir iontach suimiúil.

Thaitin an teachtaireacht (message) liom. – Labhair Gaeilge.

Is maith liom an tslí ina bhfuil Yu Ming spreatha (motivated) chun an Ghaeilge a labhairt.


Rudaí nár thaitin leat.

Ní raibh an scannán corraitheach. (exciting)

Níor thaitin an críoch liom.

Bhí sé ró-ghearr.

Scannáin: Video

EL TORO

Tá bullaíocht á dhéanamh ar Chian ar scoil agus níl cúrsaí rómhaith sa bhaile ach an oiread. Tuigeann Cain go gcaithfidh sé seasamh suas dó féin agus a léiriú do na daoine atá thart air go bhfuil meas tuillte aige. Níl ach an t-aon chaoi chun é sin a dhéanamh - troid in aghaidh tairbh ar nós matador.

Scannáin: Video

AN RINCEOIR

Stiúrthóir: Elaine Gallagher
Scríbhneoir: Elaine Gallagher

Is scannán álainn, simplí é seo faoi dhéagóir a ghlacann páirt i gcomórtas damhsa Ghaelaigh. Tá teachtaireacht thábhachtach ag deireadh an scannáin - níl mar a shíltear a bhítear. 
Féach ar an Rinceoir agus bain taitneamh as.

Scannáin: Video

AN TEANGA RÚNDA

Stiúrthóir: Brian Durnin
Scríbhneoir: Brian Durnin

Gaeilge a labhraíonn James agus a athair Mícheál nuair a bhíonn siad i mbun a ngnó spiaireachta rúnda. Ní fhéadfadh máthair James fáil amach faoi na misin rúnda a bhíonn ar bun acu. Ach luath nó mall beidh a fhios ag gach duine faoin méid a bhíonn ar siúl acu.

Tá fórsaí olca ag bailiú timpeall orainn. Tá fear gan ach trí mhéar aige ag iarraidh deireadh a chur le gairm Michael Hardy, sárspiaire. Níl ach duine amháin ag teacht idir é agus tubaiste; a mhac, James, buachaill óg ó Bhaile Átha Cliath. Bíonn an Ghaeilge mar theanga rúnda ag James agus a athair agus iad ag tabhairt faoin obair bhleachtaireachta. Ní theastaíonn uathu máthair James a chur ar an eolas faoin obair dháinséarach atá ar bun acu, ach is gearr go dtagann bagairt as cuimse ar a ngnáthshaol, agus iachall dá bharr orthu an rún a nochtadh.

Scannáin: Video

AN T-ÁDH

Stiúrthóir: Colm Bairéad
Scríbhneoir: Medb Johnstone

Scéal é seo atá bunaithe ar shaothar Phádraic Uí Conaire. Is iomaí casadh sa saol seo ach is beag an chuimhne a bhíonn ag Liam ar an méid atá i ndán dó nuair a shocraíonn sé dul go hÁrainn chuig cluiche peile. Nuair nach mbíonn ach áit do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam ar phlean a chuireann athrú tubaisteach ar a shaol go deo. Seo lá nach ndéanfaidh Liam dearmad go brách air.

Scannáin: Welcome

CLARE SA SPÉIR

Stiúrthóir: Audrey O’Reilly
Scríbhneoir: Audrey O’Reilly

Cé a chreidfeadh go mbeadh bean ina cónaí thuas i dtighín crainn in eastát tithíochta ar imeall Bhaile Átha Cliath?

Scannáin: Video

CÚILÍN DUALACH

Stiúrthóir: Nora Twomey
Scríbhneoir: Jackie Mac Donncha

Bhuaigh an clár seo gradam ag an bhFéile Scannánaíochta Ceilteach. Tá Cúilín Dualach bunaithe ar ghearrscéal faoin gcaoi a gcaitear fós le daoine faoi mhíchumas. Nuair a thagann Cúilín ar an saol bíonn a cheann iompaithe siar. Bíonn grá ag a mháthair dó ón tús ach ní bhíonn aird ag aon duine eile air, fiú a athair féin. Ar feadh a shaoil bíonn Cúilín ag iarraidh grá agus meas a athar a tharraingt chuige féin ach nuair a éiríonn leis bíonn sé ró-mhall.

Scannáin: Video

Subscribe Form

Thanks for submitting!

©2019 by gaelgory. Proudly created with Wix.com

bottom of page