AN BHÉALTRIAIL - THE ORAL - 240 MARC
Leagan Amach
(i) Fáilltiú 01 nóim 5 mharc
(ii) Léamh na Filíochta 02 nóim 35 mharc
(iii) Comhrá 08 nóim 120 marc
(iv) An tSraith Pictiúr 04 nóim 80 m
Total marks / time : 15 nóiméad 240m
(i) Fáiltiú (1 nóim) 5 mharc
Ainm : Cad is ainm duit?
Aois: Cén aois thú?
Dáta breithe : Cén dáta breithe atá agat?
Seoladh baile : Cén seoladh baile atá agat?
Scrúduimhir : Céard í d'uimhir scrúduithe?
(ii) Léamh na filíochta (2 nóim) 35 mharc
The examiner chooses one poem. You can bring in your own copies of the poems with phonetics written on it. No time will be allowed to the candidate for the preparation of the subject matter during the examination.
Géibheann
Colscaradh
An tEarrach Thiar ( véarsa 1 agus 2 )
Mo Ghrása (idir Lúibíní) (véarsa 1, 2 agus 3)
An Spailpín Fánach ( Véarsa 1 agus 2 nó véarsa 2 agus 3)
(iii) Comhrá (8 nóim) 120 marc
75 marc = stór focal (word store and vocab)
45 marc = Cumas Teanga ( linguistic ability)
Make sure you have a good grasp of the tenses.
Make sure you have the correct prounciation for - Sémhiú / urú / síneadh fada.
Topics examined:
Garthimpeallacht/ Basic Topics
Mé féin / mo mhuintir/ m'áit dúchais
Saol na scoile - ábhair, áiseanna, an Ardteist, staidéir, ag maireachtáil leis an bpaindéim Covid-19, (An Coróinvíreas) ranganna ar líne (Google Classroom,Zoom, Skype)
Caitheamh aimsire agus cúrsaí spóirt
Laethanta saoire agus taisteal
Slite beatha, post pháirtaimseartha, mo rogha poist
Cianthimpeallacht / Broader topics
Cúrsaí reatha - paindéim an choróinvíris, dianghlasáil, scaradh fisiciúil, clúdaigh aighthe/ mascanna, rialacha na paindéime agus an tionachar atá acu ar dhéagóirí an lae inniu, cúrsaí sláinte, an timpeallacht agus an t-athrú aeráide, bochatineacht, Daoine gan dídean, Breatimeacht, ciníochas, dífhostaíocht, coiriúlacht
Fadhbanna an duine óig - ól, drugaí, fadhb na ndrugaí, foréigean, brú, strus
Na méain chumarsáide agus na greasáin shóisialta - an tionachar a bhíonn acu ar an óige
An córas oideachais in Éirinn, scrúdúithe, fadhbanna a bhaineann le Covid-19 Stadas na Gaeilge agus todhchaí na Gaeltachta,
An Ghaeilge sa Chóras oideachais agus sna méain chumarsáide.
(iv) Sraith Pictiúr (4 nóim) 80 mharc
There will be twenty A4 pages of pictures with a series of six pictures on each page. The candidate will choose at random one from the twenty series in the examination. The candidate will be given a short preparation time.
Stór Gaeilge/ Irish language store = 50 marc
Cumas cainte / Ability speaking = 20 marc
Ceisteanna / Questions = 10 marc
Give a short account of the events taking place in the picture sequence.(3mins)
Tell the story in the Aimsir Chaite and have a good knowledge of the vocab.
The student asks the examiner 3 questions
1. Cé mhéad duine atá i bpictiúr a haon?
2. Cad a dúirt an fear/ bean i bpictiúr a trí?
3. Cé chaoi a bhfuil an aimsir i bpictiúr a cúig?
The examiner will ask you three questions on the content of the pictures. (1 nóim)
Remember : You are being examined on your ability to speak Irish.
It is not a knowledge or information based exam.
Learn the basic tenses :
Aimsir Chaite :
Chuaigh mé/ ní dheachaigh/ An ndeachaigh sé?
I went / I did not go/ Did he go?
Aimsir Láithreach:
Imrím spórt gach Satharn
Aimsir Fháistineach:
Rachaidh mé ar laethanta saoire
An Modh Coinníollach:
Ceannóinn carr deas
Be able to use an Chopail ‘is’
Is aoibhinn liom ceol/ Ní maith liom
Ba mhaith liom post a bheith agam mar bhainisteoir bialainne.
Learn plenty of language fillers
Bhfuil fhios ad / caithfidh mé a rá
Ar amharaí an tsaoil, ar mhuin na muice etc
Foundation Level Oral Examination: 240 marc
The duration of the Oral Test is between 8 and 10 minutes.
The same procedure and assessment criteria will be followed.
The conversation will be based on these four blocks:
Block 1: The family and the home.
Block 2: School and school matters.
Block 3: Pastimes.
Block 4: Holidays; time and weather; work.
The blocks will be marked out of 50 marks (50 marks x 4 = 200) on ability to communicate, and competence in Irish will be marked out of 40 marks.
HOW TO SURVIVE THE IRISH ORAL
Moltaí ó T-Rex faoin scrúdú cainte. Advice from T-Rex about the Irish Oral Exam.
AN BHÉALTRIAIL LE T-REX
Déanann T-Rex an scrúdú cainte
AN SCRÚDÚ BHÉIL
Scrúdú craiceáilte
Físeán craiceáilte faoin scrúdú cainte a scríobh na daltaí.
LÉAMH NA FILÍOCHTA
35 MHARC - 2 NÓIMÉAD
Dán amháin le léamh
The examiner chooses one poem from the list below.
You can bring in your own copies of the poems with phonetics written on it.
No time will be allowed to the candidate for the preparation of the subject matter during the examination.
Géibheann
Colscaradh
An tEarrach Thiar ( véarsa 1 agus 2 )
Mo Ghrása (idir Lúibíní) (véarsa 1, 2 agus 3)
An Spailpín Fánach ( Véarsa 1 agus 2 nó véarsa 2 agus 3)
GÉIBHEANN
(LITRÚ FOGHRAÍOCHTA)
T-Rex ag léamh an dáin
AN T-EARRACH THIAR
(LITRIÚ FOGHRAÍOCHTA)
T-Rex ag léamh an dáin
Léann T-Rex an dán le litriú foghraíochta (phonetics)
Is féidir roinnt den litriú foghraíochta a chur ar do dhán féin agus é a thógáil isteach leat sa scrúdú cainte,
COLSCARADH
(LITRIÚ FOGHRAÍOCHTA)
T-Rex ag léamh an dáin
MO-GHRÁSA (IDIR LÚIBÍNÍ)
LE LITRIÚ FOGHRAÍOCHTA
T-Rex ag léamh an dáin
AN SPAILPÍN FÁNACH
(LITRIÚ FOGHRAÍOCHTA)
T-Rex ag léamh an dáin

NA SRAITH PICTIÚR
All the Latest
Tá fiche (20) sraith pictiúr le hullmhú don bhéaltriail.
There are twenty A4 pages of pictures with a series of six pictures on each page.
The candidate will choose at random one from the twenty series in the examination.
Below are links to 2021 and 2022 sraith pictiúr
SRAITH PICTIÚR 2021

1. CUAIRT AR AINTÍN I NUA EABHARC
Pictiúr 1
An Sathairn a bhí ann.
Bhí Máire agus a Mam sa seomra suite.
Bhí siad ag féachaint ar an teilifís.
Bhí an Crannchur Náisiúnta ar súil.
Bhuaigh siad an Crannchur Náisiúnta.
Bhí áthas an domhain orthu.
Pictiúr 2
Ghlaoigh Máire ar a haintín i Nua Eabharc.
D’fhreagair a haintín an fón.
Dúirt Máire gur bhuaigh sí an Crannchur Náisiúnta
Bhí gruaig dhubh ar haintín.
Bhí fuinneog sa sheomra.
Pictiúr 3
Chuir siad an t-airgead sa bhainc.
Cheannaigh siad teach mór
Bhí linn snámha sa teach mór,
Thug siad airgead do Thrócaire.
Cheannaigh siad ticéid go Nua Eabharc le Aer Lingus
Chosain sé cúig chéad Euro.
Pictiúr 4
D’éirigh siad go luath ar maidin
Chuaigh siad go dtí an t-aerfort i tacsi.
Bhí an aimsir go hálainn.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch
Shroich siad Nua Eabharc
Bhuail siad le Aintín Nóra.
Bhí siad ar bís
Pic 5
Bhí a lán bia ar an mbord.
D’ith siad píotsa, sceallóga agus stéig.
Bhí an bia an-bhlasta.
D’ól siad fíon agus cóc.
Chuaigh siad go dtí Broadway.
Chonaic siad Mama Mia.
Bhí sé ar fheabhas.
Pictiúr 6
Chuaigh siad timpeall na cathrach
Bhí siad ar bhus.
Chosain sé cúig dollar.
Chuaigh siad go dtí Láthair naoi a haon déag.
Chuaigh siad ag siopadóireacht.
Chuaigh siad go Maceys.
Cheannaigh siad t-léine, bróga agus cóta Gucci.
Cheannaigh siad geansaí Supreme.
Bhí turas iontach acu.
Ceisteanna
Cad a tharla i bpictúir a haon
Céard a cheannaigh siad i bpictiúr a sé?
Cé chaoi a raibh an aimsir i bpictiúr a ceathar?

2. IMREOIR GORTAITHE
Pictiúr 1
An Luain a bhí ann.
Bhí an lá go hálainn.
Bhí cluiche ( iomána) ar siúil.
Bhí an aimsir go deas.
Bhí an staid dubh le daoine.
Bhí sé pacáilte.
Bhí an t-atmaisféir leictreach
Pictiúr 2
Go tobann thit imreoir ar an talamh.
Shéid an reoiteoir an fheadóg.
Chuaigh an bainisteoir ar an bpáirc.
Bhí eagla an domhain ar an imreoir.
Lig sé béic as.
Bhí sé gortaithe go dona.
Bhí gach duine ag féachaint air.
Pictiúr 3
Chuaigh siad go dtí an t-ospidéal.
Bhí clog ar an mballa
Bhí sé a trí a chlog
Bhí siad sa Roinn timpiste agus eigeandála.
Bhí beirt fhear ina shuí. Bhí eagla orthu.
Bhí an t-imreoir i bpian
Bhí an bainisteoir ag caint leis an mbuachaill.
Bhí an buachaill ar shínteán.
Pictiúr 4
Bhí sé cúig a chlog.
Bhí fearg ar an mbainisteoir
Bhí sé dearg le fearg.
Tháinig an altra/ doctúir
Bhí an t-imreoir ag caoineadh
Gabh sí leithscéal.
Bhí brón uirthi.
Pictiúr 5
Bhí sé ag an doctúir.
Bhí ríomhaire agus leabhar ar an mbord.
Dúirt an doctúir go raibh a chos go dona
Bhí plástair ar a chos
Dúirt sé go raibh a chos briste.
Dúirt an doctúir gur bhris sé a chos.
Bhí an doctúir ag an deasc.
Bhí x-gha ar an mballa
Pictiúr 6
Bhí na buachaillí sa staid
Bhí siad ag caint agus ag comhrá le chéile
Ní raibh an t-imreoir sásta
Bhí mála ar an talamh.
Bhí clogad aige.
Ní raibh sé in ann imirt ar feadh cúig mhí.
Ceisteanna
Cad a tharla i bpictiúr a dó?
Cén t-am é i bpictiúr a trí?
Cá bhfuil an buachaill i bpictiúr a cúig?

3. BUA SA CHOMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA
Pictiúr 1
An Luain a bhí ann.
Bhí an lá go deas.
Bhí fógra ar an mballa.
Bhí na daltaí ag féachaint ar an bhfógra.
Chonaic siad an fógra.
Bhí díospóireacht Ghaeilge ar siúl.(taking place).
Bhí a lán duaiseanna (prizes) ann.
Pictiúr 2
Bhí an díospóireacht ar siúl sa halla.
Bhí an áit pacáilte.
Bhí an áit dubh le daoine.
Bhí an t-atmaisféar leictreach.
Bhí Scoil Mhuire agus Scoil Pheadair ar an stáitse.
Bhí siad neirbhíseach.
Pictiúr 3.
Bhí na moltóirí ag éisteacht le Liam /ag féachaint ar Liam.
Bhí Liam ag léamh.
Bhí Liam ag caint faoin rún (motion) ‘Níl aon leigheas i ndán don tír seo’.
Bhí na moltóirí ina shuí in aice le Liam.
Bhí Liam ag seasamh ag an pódiam.
Pictiúr 4
Bhí áthas an domhain ar na daltaí.
Bhuaigh na daltaí an comórtas.
Bhí siad ag screadaíl.
Léim na daoine suas.
Chuir siad a lámha suas.
Tháinig an moltóir amach ar an stáitse.
Bhí sé ag caitheamh spléaclaí.
Pictiúr 5.
Bhuaigh siad an comórtas.
Bhuaigh siad duais.
Bhuaigh siad dhá mhíle Euro
Bhronn an moltóir an seic.
Bhronn an moltóir an corn.
Bhí na daltaí ar mhuin na muice.
Bhí siad ar bís.
Bhí bród orthu.
Pictiúr 6.
Chuaigh siad go dtí an bialann ag a seacht a chlog.
Bhí siad ag ithe.
D’ith siad burgair agus sceallóga.
Bhí sé an-bhlasta.
Bhí an oíche go hálainn.
Chuaigh siad abhaile ag a naoi a chlog.
Ceisteanna
1. Cé mhéad a bhuaigh na daltaí?
2. Cá raibh an díospóireacht ar siúl?
3. Cá ndeachaigh na daltaí i bpictiúr a sé?
1. Cé mhéad duine atá i bpictiúr a haon?
2. Cén fhoireann a bhuaigh?
3. Cé atá i bpictiúr a sé?

4. NÁ HÚSÁID AN CÁRTA CREIDMHEASA GAN CHEAD
Pictiúr 1
An Sathairn a bhí ann.
Bhí buachaill agus cailín sa seomra suite.
Bhí siad ag surfáil ar an idirlíon.
Bhí cárta Dhaid ar an matal.
Bhí ceolchoirm ar siúl san Aviva.
Chosain an ticéad caoga euro.
Pictiúr 2
D’fhéach siad ar an ríomhaire.
Bhí an ríomhaire ar an mbord.
Cheannaigh siad ticéad leis an gcárta creidmheasa.
Chosain na ticead chéad euro.
Pictiúr 3.
Chuaigh síad go staid Aviva
Bhí sé dubh le daoine
Bhí sé pacáilte
Bhí an t-atmaisféir leictreach
Bhí an craic ar fheabhas
D'ól siad líomanáid agus cóc
Pictiúr 4.
Fuair daid an bille
Ní raíbh sé sásta
Chonaic sé an bille
Bhi an bille in a lámh
Bhí sé ag caitheamh spléacaí
Pictiúr 5
Bhí fearg ar na tuismitheoirí
Bhí eagla ar na páisti
Bhí siad ag caoineadh
Bhí brón orthu
Thaispeáin daid an bille
Bhí sé ar buille
Pictiúr 6
Bhí siad ag glanadh an tí
Bhí siad ag glanadh an seomra suite
Ghlan an buachaill an fhuinneog
Ghlan an cailin an t-úrlár
Bhi na tuismitheoirí ag féachaint.
Ceisteanna
Cé atá i bpictiúr a haon?
Cé mhéad a chosain an ticéid?
Conas atá an aimsir i bpictiúr a trí?
Cén t-am é i bpictiúr a dó?
Cén fáth a bhfuil fearg ar Dhaid i bpictiúr a ceathar?
Cá bhfuil siad i bpictiúr a trí?
Cad is ainm don staid?

5. AG TOGHADH SCOLÁIRE NA BLIANA
Pictiúr 1
Bhí na páistí sa rang ar maidin
Bhí an múinteoir ag caint faoi scoláire na bliana
Bhí na daltaí ag éisteacht
Bhí an seomra pacáilte
Pictiúr 2
Chuaigh na daltaí go dtí an halla
Vótáil siad.
Chuir siad an vóta sa bhosca.
Bhí siad ag caitheamh éide scoile.
Pictiúr 3
Bhí an príomhoide san oifig
Bhí siad ag comhaireamh na vótaí
Chuir siad na vótaí ar an mbord
Bhí páipéír ar an mballa -
Bhí ríomhaire ar an mbord
Pictiúr 4
Bhí an scoil go léir sa halla
Bhí an priomhoide agus múinteoirí ar an stáitse
Bhí corn ar an stáitse
Bhí an múinteoir ag caitheamh seaicéid.
Pictiúr 5
Bhí na daltaí sa halla
Bhí sé pacáilte
Bhí sé dubh na daoine
Bhí an t-atmaisféir leictreach
Pictiúr 6
Bhuaigh Sandra an corn.
Bhí áthas an domhain uirthi.
Bhí ionadh an domhain uirthi.
Bhronn an príomhoide an corn di.
Bhí sí ar mhuin na muice.
Ceisteanna
Cad a tharla i bpictiúr a dó?
Cé atá ag caint i bpictiúr a haon?
Cá bhfuil siad i bpictiúr a cúíg?

6. AN GHAEILGE - SEOID LUACHMHAR AGUS CUID DÁR GCULTÚR
Pictiúr (1)
An Sathairn a bhí ann.
Bhí sé leathuair tar éis a cúig.
Bhí an buachaill agus an cailín ag caint faoin siopa ceoil.
Chonaic siad bainseo, bodhrán agus bosca ceoil san fhuinneog.
Bhí áthas orthu Gaeilge a fheiceáil san fhuinneog.
Pictiúr 2
Bhí siad sa seomra suite.
Bhí ríomhaire ar an deasc.
Bhí siad ag féachaint ar an ríomhaire.
Bhí siad ag féachaint ar Facebook.
Bhí siad g’iarra ( ag iarraidh) dul go dtí an Ghaeltacht.
Pictiúr 3
Chuaigh na daltaí go dtí an Ghaeltacht.
Bhí na daltaí sa rang.
Bhí siad ag caint as Gaeilge.
Ag a seacht a chlog bhí an ceilí ar siúl.
Bhí an céilí ar siúl sa halla.
Bhí na buachaillí agus na cailíní ag damhsa agus ag shifteáil.
Bhí an t-atmaisféir leictreach.
Bhí an craic go hiontach.
Bhí an craic ar fheabhas.
Bhí na daltaí ar an trá.
Bhí siad ag imirt eitpheil agus sacair.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Bhí sé an te.
Chuaigh siad ag snámh.
Bhí bád ag seoltóireacht (ar an bhfarraige. )
Pictiúr 4
Bhí siad ag caint agus ag comhrá.
Bhí siad i gciorcal cainte sa Ghaeilge am lóin.
Bhí siad ag caitheamh éide scoile.
Pictiúr 5/6
Bhí an cailín ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bhí sí ag éisteacht le RnaG ar a fón póca.
Bhí siad ag féachaint ar TG4 ar an teilfís.
Bhí siad sa seomra suite.
Cheap na déagóirí gurbh fhiú féachaint ar TG4.
I bpictiúr a sé bhuaigh siad duais.
Bhuaigh siad gradam.
Bhí áthas an domhain orthu.
Bhí siad ar mhuin (win) na muice.

7. OBAIR DHIAN: TORTHAÍ MAITHE SAN ARDTEISTIMÉIREACHT
Pictiúr 1
Chuaigh Fiona chuig an ngairmthreoraí chun comhairle a fháil
Bhí sí ag iarraidh ceimic a dhéanamh in Ollscoil nahÉireann, Gaillimh.
Bhí an gairmthreoraí san oifig.
Chonaic an cailín leabhragán san oifig
Bhí a lán leabhair ar an leabhragán
Bhí an gairmthreoraí an deas agus cabhrach.
Thug sé comhairle di
Dúirt sé go mbeadh ceithre chéad pointe (400) ag teastáil
Mhol sé di go leor oibre a dhéanamh.
Pictiúr 2
Thosaigh Fiona ag staidéir go dian.
Shiúil sí abhaile ón scoil lena cara Aoife.
Bhí na cailíní gléasta ina gcuid éidí scoile
Bhí siad ag caint is ag comhrá
Lá breá a bhí ann
Bhí buachaillí ag imirt cispheile i gclós na scoile.
Thug a cara cuireadh di dul amach léi.
Níor ghlac Fiona leis an gcuireadh.
Dúirt sí go raibh a lán obair bhaile aici.
Pictiúr 3
Fuair Fiona glao fóin óna cara Jack.
Thug Jack cuireadh di dul chuig an bpictiúrlann.
Bhí Fiona ar bís.
Dúirt Jack go raibh scannán iontach ar siúl sa phictiúrlann ag a hocht
Níor ghlac Fiona leis an gcuireadh.
Dúirt sí go raibh a lán obair bhaile le déanamh aici.
Bhí díomá an domhain ar Jack
Pictiúr 4
Chaith Fiona gach tráthnóna ag staidéir obair go dian
Bhí sí ag staidéir ina seomra leapa.
Bhí sí ina shuí ag an deasc
D’oibrigh sí go crua.
Bhí leabhair agus cóipleabhair ar an deasc.
Bhí a tuismitheoirí ag caint agus ag comhrá sa chistin.
Ba léir go raibh a mam agus a daid buartha fúithi.
Dúirt a daid nach raibh sos aici ón obair agus nár ghlac sí aer úr.
Dúirt Mam go mbeadh sos aici ag an deireadh seachtaine
Bhí a fhios ag a mam go raibh sí ciallmhar agus cliste.
Pictiúr 5
Tháinig na torthaí ag deireadh an tsamhraidh
Bhí áthas an domhain ar Fiona nuair a fuair sí na torthaí.
Fuair sí ceithre chéad caoga pointe (450)
Bhí a tuismitheoirí an-bhródúil aisti.
Dúirt a cairde go raibh na marcanna tuillte aici.
D’oibrigh sí go crua i rith na bliana.
Bhí bród an domhain uirthi.
Bhí sí lán sásta
Pictiúr 6
Chuaigh Fiona go Ollscoil na Gaillimhe
Bhí an áit go hálainn
Fuair Fiona a cúrsa sa cheimic
Bhí sí sona sásta
Shiúil sí isteach trí gheata na hollscoile.
Bhuail sí le go leor daoine ar an gcúrsa
Shiúil sí i dtreo an an roinn eolaíochta.
Chláraigh sí

8. COMHOBAIR AN PHOBAIL
Pictiúr 1
An Sathairn a bhí ann.
Lá breá brothallach a bhí ann.
Bhí Siobhán agus Máire ag caint faoina n-áit chónaithe
Dúirt siad go raibh an lofa agus salach.
Ní mó ná sásta a bhí Siobhán
Dúirt sí go raibh sé déistineach
Dúirt Siobhán agus Máire go sé déistineach go raibh bruscar caite timpeall na háite.
Cheap siad go raibh sé náireach
Bhí Siobhán agus Máire chun rud éigin a dhéanamh faoi.
Bhí siad chun an ceantar a fheabhsú.
Pictiúr 2
Bhailigh muintir na háite le chéile ag cruinniú de Chomhairle an Phobail.
Bhí siad ag caint is ag comhrá faoin bhfadhb
Phléigh siad tábhacht na timpeallachta ag an gcruinniú.
Bhí gach duine ag iarraidh an ceantar a choimeád glan.
Dúirt bean amháin go raibh sé an-tábhachtach do shaol sóisialta na ndaoine.
Bhí siad go léir ag iarraidh an baile a fheabhsú.
Shocraigh siad ar phlean.
Pictiúr 3
Maidin Dé Luain chuaigh siad amach
Thosaigh muintir na háite ag glanadh an cheantair.
Bhí obair na gcapaill ar siúil acu
Líon siad málaí móra dubha le bruscar
Bhailigh siad an bruscar go léir
D’oibrigh siad le chéile
Mar a deir an seanfhocal ‘Ní Neart go cur le chéile’
Pictiúr 4
Thug Síobhán agus Máire cuairt ar na seandaoine sa cheantar.
Bhí Karóke acu
Bhí siad ag canadh agus ag damhsa
Bhí craic iontach acu
Bhain na seandaoine an-taitneamh as.
Tháinig garda isteach chun labhairt leis an bpobal
Labhair sé faoi chúrsaí slándála.
Dúirt sé leo gur chóir dóibh a bheith aireach.
Pictiúr 5
Chuir Comhairle an Phobail ranganna oíche ar siúl
Bhain muintir an cheantair an taitneamh as.
Bhí ranganna cócaireachta, ranganna ríomhaireachta agus rangannagarraíodóireachta ar siúil acu.
Ghlac a lán daoine páirt sna ranganna.
Chruthaigh na ranganna spiorad iontach sa phobal.
Pictiúr 6
Bhuaigh an ceantar duais i gComórtas na mBailte Slachtmhara
Bhuaigh siad an duais iontach
Bhí áthas an domhain ar chuile duine sa bhaile
Bhí bród an domhain orthu freisin
Tháinig feabhas iontach ar an mbaile beag.
Bronnadh seic dhá mhíle cúig chéad euro ar Chomhairle an Phobail,
Bhuaigh siad corn mór freisin.
Bhí siad lán sásta.
Ceisteanna
1. Céard a tharla i bpictiúr a dó?
2. Cén chaoi a raibh an aimsir i bpictiúr a haon?
3. An raibh an pobal sásta i bpictiúr a sé?

9. BREOITE AR SCOIL
Pictiúr 1
An Domhnach a bhí ann.
Bhí Jacinta, Aoife agus Pól ag an diocsó
Bhí an t-atmaisféir leictreach
Bhí an áit pacáilte
Bhí cúpla deoch acu
Bhí siad ag damhasa agus ag canadh
Bhí oíche den scoth acu.
Nuair a bhí an dioscó thart bhí ocras an domhain orthu
Bhí siad stiúghta leis an ocras (starving)
Chuaigh siad go dtí an bialann ghasta
D’ith siad burgar agus sceallóga
Bhí sé an-bhlasta
D’ól siad cóc agus líomanáid
Bhí siad ag caint agus ag comhrá faoin dioscó.
Pictiúr 2
Dhúisigh Jacinta an mhaidin ina dhiaidh sin
Dhúisigh sí ar a seacht a chlog.
Bhí tinneas cinn uirthi
Bhí sí tuirseach traochta
D’éirigh Jacinta agus chuaigh sí síos staighre
Bhí a mam ag feitheamh léi
Pictiúr 3
Bhí a mam sa chistin
Bhí sí ag ól cupán tae
Ní raibh sí sásta
Bhí sí ar buile mar níor tháinig Jacinta abhaile go dtí a cúig
Ní raibh trua ar bith ag a máthair di
Dúirt sí le Jacinta dul ar scoil.
Ní raibh Jacinta sásta in aon chor
Ní raibh sí ag mothú go maith.
Shiúil Jacinta go stad an bhus
Bhí sé ag stealladh báistí.
Bhí Jacinta báite
Bhí sí fliuch go craiceann
I ndeireadh na dála tháinig an bus
Chuaigh Úna ar scoil.
Pictiúr 4
Bhí Jacinta sa rang
Bhí scrúdú tíreolais ag Jacinta
Ní dhearna sí aon staidéir don scrúdú
Ní raibh clú aici céard a bhí ar an bpáipéir.
Níor bhraith Jacainta go maith.
Bhí pian ina bolg
Bhraith sí an tinn.
Ní raibh sí in ann an scrúdú a dhéanamh.
Pictiúr 5
Chuir Jacinta a lámh suas
Tháinig an múinteoir síos
Labhair sí leis an múinteoir
D’iarr sí cead ón múinteoir dul amach go dtí an leithreas
Thug an múinteoir cead di
Bhí a fhios ag múinteoir go raibh Jacinta tinn
Bhí Jacinta chomh bán le sneachta
Chuaigh Jacinta chuig oifig an phríomhoide
Chnag sí ar an doras.
Chuaigh sí isteach
D’inis Jacinta an scéal di. Bhuel leath den scéal
Chuir an príomhoide glao ar an dochtúir.
Pictiúr 6
Tháinig an dochtúir chuig an scoil.
Bhí steiteascóp aici
Chuir sí cúpla ceist ar Jacinta.
D’inis Jacinta di gur ith sí burgar agus sceallóga sa bhialann ghasta.
Ní dúirt Jacinta aon rud faoin dioscó mar bhí an príomhoide ag éisteacht go géar
Dúirt an dochtúir go raibh nimhiú bia aici.
Dúirt an doctúir léi dul abhaile agus fanacht sa leaba ar feadh cúpla lá
Bhí amhras ar an bpríomhoide faoin scéal
Níor chreid sí an scéal
Bhí áthas an domahin ar Jacinta mar bhí oíche iontach aici agus ní dhearna sí an scrúdú tíreolais
Ceisteanna
Cá raibh na cailíní i bpictiúr a haon?
Céard a d’ith siad i bpictiúr a dó?
Cén t-am é i bpictiúr a dó?

10. DROCHAIMSIR AN GHEIMHRIDH
– ATHRÚ AERÁIDE
Pictiúr 1
An Luain a bhí ann.
Bhí Sarah agus Seán ag breathnú ar an teilifís
Bhí siad sa seomra suite
Bhí siad ina shuí ar an tolg os comhair na teilifíse
Bhí siad ag féachaint ar an gclár faisnéise Prime Time
Chonaic siad teach faoi uisce
Níor chreid Seán a dhá shúil
Bhí an clár ag plé cúrsaí timpeallachta agus athrú aeráide
Cheap Sarah gurbh fhadhb chasta í
D’’aontaigh Seán go huile is go hiomlán léi
Thosaigh siad ag caint agus ag comhrá faoin bpoll sa chiseál ózóin
Bhí an poll os cionn an Antartaigh
Dúirt siad nach raibh an t-ózón in ann muid a chosaint ón ngrian
Pictiúr 2
Thosaigh Seán ag smaoinigh siar ar an sneachta a bhí ar fud na tíre i rith an gheimhridh
Bhí sé an-fhuar ar fad
Uair amháin bhí an teocht ocht gcéim faoin reophointe
Bhí brat bán sneachta ar an talamh ar fud na tíre
Is cuimhin leis nuair a bhí a bhungaló clúdaithe le sneachta
Pictiúr 3
Oíche amháin phléasc píobán uisce sa bhungaló
Bhí uisce i ngach áit
Bhí uisce ag teacht tríd an tsíleáil
Ghlaoigh siad ar an bpluiméir
Shroich an pluiméir an bungaló
Bhí veain deas aige
D’fhág sé a veain taobh amuigh den bhungaló
Dheisigh an pluiméir an píobán uisce
Chosain an pluiméir dhá chéad euro
Tháinig méadú ar a bpolasaí árachais tar éis é sin.
Pictiúr 4
Bhí stoirmeacha uafásacha i rith na bliana
Bhí an ghaoth ag séideadh le luas lasrach
Tharla timpiste ar an mbóthar
Leagadh crann mór
Thit an crann mór ar dhíon cairr.
Buíochas le Dia ní raibh aon duine gortaithe
Pictiúr 5.
Bhí sé ag stealladh báistí i rith an gheimhridh
D’éalaigh daoine i gCorcaigh óna dtithe
Chuaigh siad isteach i mbáid
Bhí na tuilte uafásach
Tháinig na seirbhísí éigeandála agus chabhraigh siad go mór le gach duine
Bhí sé ag stealladh báistí i mBaile Átha Cliath freisin
Bhi tuillte ar fud na cathrach.
Bhí carranna faoi uisce
Faraor bhí daoine sáinnithe ina gcarranna
Pictiúr 6
Bhí Seán agus ag Sarah ag labhairt faoin bpoll sa chiseál ózóin
Dúirt siad go raibh cúrsaí go dona agus go raibh sé ag éirí níos measa
Bhí imní an domhain orthu.
Dúirt siad nach raibh an t-ózón in ann muid a chosaint ón ngrian .
Bhi siad an-bhuartha faoin timpeallacht
Bhí a fhios acu go maith go raibh na cnapáin oighir ag leá
Bhí fianaise ann freisin go raibh leibhéal na bhfarraigí ag ardú

1. RIALACHA NA SCOILE
Pictiúr 1
An Luain a bhí ann
Labhair príomhoide Ardscoil an Chnoic leis na daltaí sa halla tioinóil
Labhair an príomhoide leo faoi rialacha na scoile.
Léigh sí amach na rialacha go soiléir dóibh.
Dúirt sí go raibh sé tábhachtach meas a léiriú do gach duine sa scoil.
Bhí orthu a gcuid éidí scoile a chaitheamh gach lá ar scoil.
Bhí ar na daltaí obair go crua sna ranganna
Bhí cosc ar an mbulaíocht, ar ghuma agus ar thobac sa scoil.
Ní raibh cead ag daltaí alcól a ól ná drugaí a úsáid.
Pictiúr 2
Ansin bhí sos acu.
Chuaigh chuile duine amach do dtí clós na scoile.
Bhí na buachaillí ar an bpáirc imeartha.
D’imir siad cluiche sacair.
Bhí an-chraic acu.
Ba chluiche iontach é .
Bhuail na cailíní le chéile.
Bhí siad ag caint agus ag comhrá.
Bhí siad lán sásta.
Go tobann thosaigh roinnt de na buachaillí ag troid.
Bhí beirt chailíní ag caitheamh tobac.
Faraor níor thug na déagóirí aird ar bith ar rialacha na scoile.
Bhí rí-rá agus ruaille buaille ar siúl i gclós na scoile.
Pictiúr 3
Chonaic múinteoir amháin na buachaillí ag troid.
Rith an tUasal MacGabhain ar nós na gaoithe
Labhair sé leis na buachaillí faoi rialacha na scoile.
Bhí sé ar buile.
Labhair múinteoir eile leis na cailíní a bhí ag caitheamh tobac.
Bhí fearg an domhain uirth
Labhair sí faoi rialacha na scoile freisin agus an dochar a dhéanann toitíní do shláinte an duine.
Bhí náire ar na daltaí.
Ba léir go raibh aiféala orthu gur bhris siad rialacha na scoile.
Pictiúr 5
Chuir na múinteoirí glao ar thuismitheoirí na ndéagóirí.
D’inis siad dóibh go raibh siad i dtrioblóid.
Bhí ar na tuismitheoirí teacht istaech chuig an scoil.
Bhí cruinniú acu leis an bpríomhoide.
Ní raibh na tuismitheoirí sásta.
Ní mó ná sásta a bhí siad.
Bhí idir fearg agus díomá othu
Bhí siad náirithe.
Pictiúr 6
Bhuail an príomhoide leis an dalta agus a thuismitheoirí in oifig an phríomhoide.
D’inis sí an scéál
Mhínigh sí dóibh céard a tharla
Dúirt sí leo gur bhris a mac rialacha na scoile.
Bhí brón an domhain ar an mbuachaill.
Gheall sé don phríomhoide nach dtarlódh sé arís.
Bhí na tuismitheoirí agus na daltaí ag fanacht sa seomra feithimh.
Mhothaith siad an neirbhíseach ar fad.
Pictiúr 7
Bhí na buachaillí agus na cailíní go léir sa rang tar éis scoile.
Bh i sé a fiche cúig tar éis a cúig
Bhí na daltaí rialacha na scoile a scríobh amach.
Ní mó násata a bhí siad.
Bhí ar na cailíní fanacht siar tar éis scoile ar feadh uair a chloig.
Bhí ar na buachaillí fanacht siar ar feadh dhá uair an chloig.
Bhí brón orthu gur bhris siad rialacha na scoile.
Gheall siad nach ndéanfadh siad a leithéid arís.
Ceisteanna
Cé a bhí i bpictiúr a haon
Cén t-am a raibh sé i bpictiúr a sé?
Conas a mhothaigh na daltaí i bpictiúr a sé?

2. SAMHRADH IONTACH
Pictiúr 1.
An Sathairn a bhí ann.
Tús an tsamhraidh a bhí ann.
Bhuail Máire agus Méabh le chéile taobh amuigh den séipéal.
Lá breá a bhí ann.
Bhí sé an te.
Ní raibh scamall ar bith sa spéir.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Bhí na cailíní ar bís.
Bhí siad ag caint agus ag comhrá faoina gcuid pleananna don samhradh.
Bhí sceithimíní an domhain orthu.
Pictiúr 2
Theastaigh post uathu.
Bhí post páirtaimseartha ag teastáill uathu.
Shocraigh siad ar phlean.
Labhair siad leis an mbainisteoir san óstán.
Buíochas mór le Dia bhí post ar fáil dóibh.
Mhínigh an bainisteoir dóibh go raibh poist ar fáil ag glanadh na seomraí leapa.
Bhí na cailíní lán sásta na seomraí leapa a ghlanadh.
Pictiúr 3
Thosaigh siad ag obair san óstán maidin Dé Luain
Thosaigh siad ag obair ar a seacht a chlog ar maidin.
Bhí an obair an-deacair.
D’oibrigh siad go crua an lá ar fad.
Bhí sos acu ar a haon déag agus bhí cupán caifé acu sa cheaintín.
Bhí gach duine an-chairdiúil leo.
Bhí Máire ag folúsghlanadh na seomraí.
Chóirigh Méabh na leapacha.
Ghlan Méabh an seomra folctha chomh maith.
Bhí siad scriosta ag deireadh an lae.
Chaith siad mí ag obair ann.
Pictiúr 4
Chuaigh Máire agus Méabh ar laethanta saoire chuig an Roimh.
Bhí an áit go hálainn.
Bhí na radhairc dochreidte.
Shiúl siad timpeall na cathrach.
Chonaic siad na radhairc stairiúla.
Bhí an aimsir go hálainn.
Bhí sé an-te ar fad.
Bhain siad an taitneamh as an turas.
Chuaigh siad ag siopadóireacht.
Cheannaigh Máire mála Vuitton.
Chosain sé cúig chéad Euro.
Bhí an bia an-bhlasta
Bhí na daoine an-chineálta.
Pictiúr 5
Chuaigh na cailíní abhaile.
Thosaigh siad ag imirt peile lena gclub áitiúil
Bhí siad sa chraobh.
Bhuaigh siad an chraobh.
Bhí áthas an domhain orthu.
Bhuaigh siad an corn don chéad uair riamh.
Bhí áthas an domhain ar muintir na háite.
Bhí siad ag ceiliúradh go dtí deireadh na hoích.
Pictiúr 6
An lá ina dhiaidh sin chuaigh an foireann go léir chuig an bpictiúrlann.
Chosain an ticéid deich euro.
Bhain siad an taitneamh as an scannán.
Bhí scannán ar fheabhas
Scannán uafáis a bhí ann.
Faraor bhí Máire scanraithe agus níor thaitin an scannán léi.
Bhí an phictiúrlann pacáilte.
Bhí sé dubh le daoine .
Bhí sé plódaithe.
Cheannaigh Máire agus Méabh grán rósta.
Cheannaigh siad deoch fresin.
Thit an bainisteoir ina chodladh mar bhí sé scriosta.
Pictiúr 7
Thosaigh Méabh agus Máire ag obair le Cumann Naomh Uinsenn de Pól.
Bhí siad ag cabhrú leis na bochtáin.
Chuaigh siad isteach go dtí lár na cathrach.
Thug siad ceapairí agus anraith do na bochtáin.
Bhí na bochtáin an-bhuíoch.
Ba léir gur thaitin an obair dheonach leis na gcailíní.
Pictiúr 8
Bhuail Máire agus Méabh le chéile arís ag deireadh an tsamhraidh.
Bhí siad ag caint agus ag comhrá faoin samhradh a bhí acu.
D’aontaigh siad lena chéile go raibh samhradh iontach acu.
Ní dhéanfaidh siad dearmad ar an samhradh sin go deo.
Bhí samhradh den scoth acu.
Ní raibh siad ag súil le dul ar ais ar scoil.
Ceisteanna
Cá raibh na cailíní ag obair?
An raibh an obair deacair, meas tú?
Cá ndeachaigh Máire agus Méabh ar a laethanta saoire?
BUA SA CHOMÓRTAS DÍOPÓIREACHTA
Físeán

4. IMREOIR GORTAITHE
All the Latest
Pictiúr 1
An Sathairn a bhí ann.
Lá breá bhí ann agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Bhí dhá fhoireann ar an bpáirc.
Bhí siad ag imirt cluiche iománaíochta.
Bhí Scoil Bhríde chun tosaigh le cúl agus trí chúilín.
Bhí an t-atmaisféar leictreach.
Bhí an staid pacáilte.
Bhí na himreoirí ag rith le luas lasrach.
Bhuail imreoir amháin an sliotar lena camán i lár na páirce agus fuair sé cúilín iontach.
Pictiúr 2
Rug imreoir ar an sliotar.
Thosaigh sé ag rith ar nós na gaoithe.
Faraor shleamhnaigh sé agus chas sé a rúitín.
Bhí sé i bpian uafásach.
Thit sé ina chnap ar an talamh.
Tháinig an réiteoir trasna na páirce.
Chuala sé an t-imreoir ag screadaíl leis an bpian.
Rith an bainisteoir amach ar an bpáirc imeartha.
Tháinig beirt fhear amach ar an bpáirc le sínteán.
Chuir an bainisteoir fios ar otharcharr.
Pictiúr 3
Tháinig an t-otharcarr.
Cuireadh an t-imreoir ar shínteán
Chuaigh an t-otharcarr díreach go dtí an roinn timpiste agus éigeandála.
Bhí t-ospidéal pascáilte le daoine.
Shroich siad an t-ospidéal ar a trí a chlog.
Bhí siad ag fanacht go foighneach ar an dochtúir.
Bhí beirt fhear ina suí taobh le chéile.
Bhí siad sa seomra feithimh.
Ghortaigh fear amháin a chos.
Bhí lámh an fhir eile gortaithe.
Bhí an t-imreoir i bpian uafásach ar an sínteán.
Bhí sé ag screadaíl cosúil le bean sí !!
Pictiúr 4
Bhí siad ag fanacht ar feadh dhá uair a chloig.
D’fhéach an bainisteoir ar an gclog
Níor chreid sé a dhá shúile
Bhí sé a cúig a chlog
D’éirigh an bainisteoir feargach.
Ghlaoigh an bainisteoir ar an altra.
Bhí fillteán i lámha na mná.
Ní mó ná sásta a bhí an bainisteoir.
Bhí sé ar dearg buile.
Dúirt sé léi go raibh siad ag feitheamh ar feadh dhá uair a chloig.
Dúirt sé go raibh an buachaill i bpian.
Labhair an altra leis.
D’inis sí go raibh an áit dubh le daoine agus go raibh siad an-ghnóthach ar fad.
Pictiúr 5
Tamaillín ina dhiaidh sin tógadh é go dtí an doctúir.
Tógadh X-gha dá chos.
Bhí sé soiléir go raibh a chos briste.
Bhí an doctúir ag labhairt leis an mbuachaill.
Mhínigh sé dó go raibh a chos briste.
Dúirt sé go mbeadh air sos a ghlacadh ón spórt ar feadh cúpla mí ar a laghad.
Ní raibh an buachaill sásta ar chur bith leis an scéal a chuala sé ón doctúir.
Pictiúr 6
Chuaigh an buachaill go dtí an staid iománachta ag an deireadh seachtaine.
Bhí an fhoireann ag traenáil go dian.
Bhí sé ann mar thacaíocht dóibh.
Bhuail sé lena chara ag an staid.
Bhí siad ag caint agus ag comhrá faoin timpiste a tharla dó.
D’inis sé dó go mbeadh air sos cúig mhí a ghlacadh.
Bhí plástar ar a chos.
Bhí sé in ísle brí.
Smaoinigh sé ar phlean.
Bhí sé ag iarraidh ficheall a imirt lena chara.
I ndeireadh an lae bhí an buachaill dóchasach.
Ceisteanna
Conas a raibh an t-atmaisféar i bpictiúr 1?
Cé a rith amach ar an bpáirc i bpictiúr 2?
Cén t-am é i bpictiúr 3?