HURLAMABOC LE ÉILIS NÍ DHUIBHNE
FÍSEÁN CEOIL
Hurlamaboc
DÍS
LE SIOBHÁN NÍ SHÚIILEABHÁN
AN GNÁTHRUD
LE
DÉIRDRE NÍ GHRIANNA
Tá Jimmy sa teach tábhairne oíche Dé hAoine. Tá a bhean chéile, Sarah sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí. Tá Jimmy ag mothú ciontach mar níl sé ag cabhrú le Sarah. Ordaíonn sé deochanna dá chairde agus téann sé abhaile.
Ach ansin baintear geit asainn ag deireadh an scéil.
AN GNÁTHRUD
Meabhar Mapa le T-Rex
RAP LE T-REX
Chuaigh T-Rex ar chuairt chuig Béal Feirste agus chan sé rap faoin ngearrscéal 'Gnáthrud'.
CÁCA MILIS
le Brian Lynch
Teagmháil chinniúnach idir bean óg agus fear dall ar thraein. Bíonn sise ag iarraidh a leabhar a léamh, is mian leisean dreas comhrá a dhéanamh. Tuigeann sise nach dtabharfaidh sé aon suaimhneas di. Tosaíonn cantal ag teacht uirthi.
A chance encounter on a train between a young woman and a blind man. She wants to read her book, he wants to chat. She realises that he won't leave her alone. She starts to get annoyed...
CÁCA MILIS
Rap le Rex
Traein ag teacht isteach
Go dtí an staisiún
Go mall mí-shuaimhneach
Go réidh agus ciúin
Suite sa traein
A fadhbanna ar chúl
Ag éalú óna saol
Le leabhar románsiúl
Curfá
Bean mí-fhoighneach
Bean tuirseach traochta
A máthair sa charr
A croí folamh préachta
Ní raibh sí go deas
Borb is drochbhéasach
A croí cosúil le buama
Réidh le pléascadh
Fearg á mhuscailt
Í glan as a meabhar
Grá a croí sáite
Istigh sa leabhar
Asma aige
Deacair análú
Ag iarraidh caint
Bhí sé gan clú
Curfá
Caife á shlogadh
Cáca ar fud a bhéil
Ag iarraidh caint léi
Faoina shaol
Trí thollain dorcha
Chuaigh an traein
An diabhal istigh ag fulaingt
A súile braon
Curfá
A croí cosúil le buama
Réidh le pléascadh
Dúirt sí leis
Císte ina bhéal
Gur shlog sé siar péist
Ceann deas caol
An fear trína chéile
Cabhair ag teastáil
A lámh sínte amach
Ní raibh sé le fáil
Buaileann taom scaoill é
Buille marfach
An bean ag breathnú air
Lena súile salach
Fear gan focal
Shiúil sí amach
An t-aon rud beo
Ná glór na traenach
OISÍN I DTÍR NA NÓG
Your Go-To Source




OISÍN I DTÍR NA NÓG
Scéal faoi Oisín agus Niamh Chinn Óir. Ceol scríofa ag Colm Rooney. Music composed by Colm Rooney. An rap scríofa ag T-Rex ar ndóigh. Rap written by T-Rex an Rap-T-Saurus !!
Ar chapall bán
Tháinig sí i dtír
Coróin ar a ceann
Bhí sin fíor
Bean fíor álainn
Niamh Chinn Óir
Chuir sí faoi gheasa é
Oisín a stór
Is tú mo rogha
Thar mhná an domhain
Go Tír na nÓg
Chuaigh sé le fonn
Ard láidir cróga
Ag troid gan stró
Cé a bhí i ngéibheann
Ach Iníon Rí Beo
Phós siad a chéile
Le grá is cion
Triúr pháiste acu
Oscar Plúr na mBan is Fionn Bheartaigh Oisín filleadh
Ar Éirinn arís
Folús ina chroí
A athair Fionn mar fhís
I nGleann na Smól
Trí chéad fear
A fhios ag Oisín
Go raibh rud éigean cearr
Fionn 's na Fianna
Ní raibh siad beo
Oisín an-bhrónach
Iad caillte go deo
Cúrfá
Oisín bocht i dTír na nÓg
Niamh Chinn Óir gan a stór
Oisín bocht i dTír na nÓg
Niamh Chinn Óir gan a stór
Luigh sé anonn
Ar a chliathán deas
D'ardaigh sé an leac
Le cumhacht is meas
Shleamhnaigh Oisín bocht
Thit sé de gheit
Sean is dall
Ní raibh seans aige
Ag siúl le Naomh Pádraig
Go deireadh an lae
Ag éisteacht go cruinn
Le soiscéal Dé
A chroí briste
Pian ina chliabh
Ní fhaca sé arís í
A ghrá gheal Niamh
I dTír na nÓg Muid le chéile arís
I dTír na nÓg
Bheinn ar bís
Niamh óg álainn
Le gruaig bhuí
Thabharfainn gach rud di
Mo ghrá is mo chroí